Translated and adapted by Laura Ní Mháille and Josh Clendenin
Performed by Josh Clendenin
Aistrithe ag Laura Ní Mháille agus Iós Clendenin
Curtha i láthair ag Iós Clendenin
Speak white!
Is aoibheann liom a chloisteáil faoi Paradise Lost
‘s faoin rím leamh, lách a creathann tríd soinéid Shakespeare
Is daoine neamhléannta stadach muid
Ach nílim bodhar do shaoi na teang
Labhair linn le blas Milton
Agus Byron Agus Shelly agus Keats
Speak white
Maith dúinn ár bhfreagraí; Níl ann ach amhráin achrannach ár sinsear ‘s dólás Nelligan
Speak white
Inis dúinn faoi seo agus siúd Labhair linn faoin Magna Carta nó Faoi leacht LincolnFaoi draíocht na Tamise Faoi uisce bándearg an Potomac. Labhair linn de bhur nósanna Is daoine muid gan saíocht
Ach is féidir linn é a thuiscint Tábhacht na crumpets
nó tábhacht an Boston Tea Party
Ach cathain you really speak white
Nuair a théann tú down to brass tacks Labhair faoi gracios living
Agus faoin gcaighdeán beatha Faoin sochaí uasal
Labhair níos airde ansin
Speak White
Ardaigh glóir do shinsir Táimid beagáinín bodhar
Mairimid ró-ghar do na meaisín
Ní chloisimid ach ár n-anáil féin thar na n-uirlisí
Speak white and loud
Ionas go gcloisimid thú Ó Ihorras go Maigh Chromtha
A leithead de theanga uasal. Le fostú Le hordú
Le socrú cén uair a mhairtear den obair thú,
Is sos í a mhusclaíónn ‘s a spreagann an pound
Speak white
Tell us again how your God is a great big shot
And we’re paid to trust him.
Speak white
Labhair linn faoi bhrabús táirgthe ‘s céadatán.
Speak white
Is teanga shaibhir í, Socheannaithe
Ach le muid féin a dhíol
Ach Le muid féin a dhíol go gcaillfimid ár n-anamnacah
Ach Le muid féin a dhíol
Ah Speak White
Big deal Le n-insint duit faoi Shíoraíocht lá stailce
Le n-insint duit faoi Shaol lucht oibre Ag filleadh san oíche,
An ghrian ag dul faoi thar na cosáin Go n-insítear go dtéann an ghrian faoi Chuile lá beo soir ón ár ríocht. Is fearr go deo teanga lán maslach, Ár mbealach brocach cainte Scriosta ag ola ‘s bhealadh
Speak White
Bí ar do shuaimhneas le d’fhocail féin
Is dream achrannach muid, Níl an locht ar éinne
As lán-chumhacht a ghlacadh thar Ceartuchán teanga
I dteanga bhinn Shakespeare Le blas blasta Longfellow
Labhair gaeilge lom, nocht, oráiste
Amhail in Baile Átha Cliath nó sa Bhéal Feirste
Labhair Gearmáinís gan locht Le réalta buí idir d’fhiacla
Labhair Rúisís, Labhair faoin oird Labair faoi smachtú
Speak white
Is teanga uilíoch í Rugadh muid len í a thuiscint
Le focail dheorah Le focail fhoiréaganach
Speak white
Tell us again about Freedom and Democracy
Is focal dubh é Saoirse Amhail anró leis an lucht gorm
agus mar a mheasctar fuil le deannach ar sráideann Crois an Bharraigh nó Little Rock
Speak White
Ó Westminster go Washington Ath-inis
Speak white cosúil le Wall st. White. Cosúil le Watts
Be civilized Go dtuige tú ár nósanna cainte
Agus tú ag fiafrú How do you do?
Go gcloise tú ár bhfreagraí
We’re doing all right We’re doing fine We Are not alone
Tá a fhios againn Nach bhfuilimid linn féin